- Planning and design phase to commence now and to finish by Q2 2025
- Project aim is to deliver a new permanent home for Irish cricket at the National Sports Campus in Blanchardstown
- Facility to include state-of-the-art High Performance Centre
- New cricket oval to host Men’s T20 World Cup matches in 2030
- LA Games 2028 to include cricket as an Olympic sport
The Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, Catherine Martin TD, and the Minister of State for Sport, Physical Education and the Gaeltacht, Thomas Byrne TD, today announced approval for the National Cricket Stadium and High Performance Centre project to proceed to pre-tender phase. This will see planning and design completed by mid-2025 with the tender phase to follow.
The Centre, which will be located in the National Sports Campus in Blanchardstown, will deliver a permanent home for cricket in Ireland that meets International Cricket Council requirements for hosting major cricket events and competitions.
It is anticipated that the proposed facilities would include both indoor and outdoor practice and training areas and an arena for holding major games with associated media and spectator facilities. This would enable Ireland to host major international cricket events.
It is intended that the overall project will be delivered on a phased basis, with Phase 1 scheduled to be completed in 2028. This first phase includes the delivery of a main cricket oval, seating for 4000 spectators, a high performance centre and some ancillary facilities.
Minister Martin said:
“While cricket is a sport with really deep roots in Ireland, it’s also a sport that reflects the diversity and plurality of today’s society. It is really pleasing to see how the sport has grown, at all levels, in Ireland over recent years, particularly the increase in female participation numbers and among our growing community from South Asia. A National Stadium and High Performance Centre will provide Cricket Ireland with the facilities required to further grow participation numbers.”
“This new Centre will also address the need to provide playing, training and practice facilities to enable Ireland’s elite teams to compete at the highest international levels. As we enjoy the success of Team Ireland athletes at the Olympics in Paris, we look forward to the return of cricket as an Olympic sport in Los Angeles in 2028. I have no doubt that this new facility will deliver a transformational impact on Irish cricket and, as a result, we will be cheering on Irish teams at Olympic Games in the not too distant future.”
In addition, Minister Byrne said:
“Continued Government investment is essential to increasing participation levels in all sports, across all sectors of society. We understand that in order to achieve our participation targets, we must provide world-class sporting facilities for our athletes. The development of international standard facilities is also necessary to enable Ireland to act as a host nation for major international sports events and competitions.”
“As we look forward to Ireland co-hosting the 2030 Men’s Cricket T20 World Cup with the UK, the development of a National Cricket Stadium and High Performance Centre is timely. It will be really exciting to see some of those matches taking place in the new oval at the National Sports Campus in Blanchardstown. It will further open up the Campus to the wider country and build awareness of what a unique asset Ireland has in this 550 acre site.”
“The National Sports Campus is already an invaluable part of the sporting infrastructure of the country and this development, along with the National Velodrome and Badminton Centre, will further enhance what are already world class sporting and support facilities.”
Speaking on behalf of Sport Ireland, CEO Dr. Úna May said:
“We’re very happy at this news about Ministerial approval for Sport Ireland to progress the project design and planning in respect of a National Cricket Stadium and training facility at the Sport Ireland Campus.
“This state-of-the-art venue will be a game-changer for cricket in Ireland, providing a high-performance training facility for our athletes to hone and showcase their talents and for fans to experience the thrill of the game up close.
“This news marks a significant milestone in the Government’s commitment to elevating Irish cricket to new heights. We’re looking forward to seeing the incredible matches and memorable moments that will take place here.”
An chéad chéim thábhachtach d’fhorbairt Staidiam Náisiúnta Cruicéid nua ceadaithe ag na hAirí Martin agus Byrne
- Céim phleanála agus dearaidh le tosú anois agus le críochnú faoi R2 2025
- Baile buan nua a sholáthar do cruicéad na hÉireann ag an gCampas Náisiúnta Spóirt i mBaile Bhlainséir
- Áis chun Ionad Ardfheidhmíochta den scoth a chuimsiú
- Páirc ubhchruthach cruicéid nua chun cluichí Chorn Domhanda T20 na bhFear a óstáil in 2030
- Cruicéad ina spórt Oilimpeach do LA 2028
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit um Spóirt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne TD, cead inniu do thionscadal an Staidiam Náisiúnta Cruicéid agus an Ionaid Ardfheidhmíochta dul ar aghaidh go dtí an chéim réamhthairisceana. Mar thoradh air seo beidh pleanáil agus dearadh críochnaithe faoi lár 2025 agus céim na tairisceana le leanúint.
Soláthróidh an tIonad, a bheidh lonnaithe sa Champas Náisiúnta Spóirt i mBaile Bhlainséir, baile buan don chruicéad in Éirinn a shásóidh riachtanais na Comhairle Cruicéid Idirnáisiúnta maidir le hóstáil mórimeachtaí agus comórtais cruicéid.
Táthar ag súil go n-áireofaí leis na háiseanna atá beartaithe limistéir chleachtais agus oiliúna laistigh agus lasmuigh agus ionad chun mórchluichí a reáchtáil le háiseanna gaolmhara meán agus lucht féachana. Chuirfeadh sé seo ar chumas na hÉireann mórimeachtaí cruicéad idirnáisiúnta a óstáil.
Tá sé i gceist go seachadfar an tionscadal iomlán ar bhonn céimnithe, agus tá Céim 1 le bheith críochnaithe in 2028. Áiríonn an chéad chéim seo seachadadh ar phríomh-ubhchruthach don cruicéad, suíocháin do 4000 lucht féachana, ionad ardfheidhmíochta, agus roinnt áiseanna coimhdeacha.
Dúirt an tAire Martin:
“Cé gur spórt é an cruicéad a bhfuil fréamhacha an-domhain in Éirinn aige, is spórt é freisin a léiríonn éagsúlacht agus iolrachas shochaí an lae inniu. Is mór an sásamh a fheiceáil mar a d’fhás an spórt, ag gach leibhéal, in Éirinn le blianta beaga anuas, go háirithe an méadú ar líon na mban atá páirteach ann agus i measc ár bpobal atá ag fás ón Áise Theas. Soláthróidh Staidiam Náisiúnta agus Ionad Ardfheidhmíochta na háiseanna a theastaíonn chun líon na rannpháirtíochta a mhéadú tuilleadh.
“Tabharfaidh an tIonad nua seo aghaidh freisin ar an ngá atá le háiseanna imeartha, traenála agus cleachtaidh a chur ar fáil chun cur ar chumas foirne scothaicme na hÉireann dul san iomaíocht ag na leibhéil idirnáisiúnta is airde. Agus muid ag baint sult as an rath a bhí ar lúthchleasaithe Fhoireann na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras, táimid ag tnúth le cruicéad ag teacht ar ais mar spórt Oilimpeach i Los Angeles in 2028. Níl aon amhras orm ach go mbeidh tionchar bunathraithe ag an áis nua seo ar chruicéad na hÉireann agus, mar thoradh air sin, beimid ag gliondar ar fhoirne na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha sa todhchaí nach bhfuil i bhfad uainn.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Tá infheistíocht leanúnach an Rialtais riachtanach chun leibhéil rannpháirtíochta i ngach spórt a mhéadú, thar gach earnáil den tsochaí. Tuigimid, chun ár n-aidhm ar rannphairtíocht a bhaint amach, ní mór dúinn áiseanna spóirt den scoth a sholáthar dár lúthchleasaithe. Tá gá freisin le saoráidí de chaighdeán idirnáisiúnta a fhorbairt le cur ar chumas na hÉireann le bheith ina hóstach d’imeachtaí spóirt agus do chomórtais mhóra.
“Agus muid ag tnúth le hÉirinn a bheith ina comh-óstach ar Chorn an Domhain T20 Cruicéid na bhFear 2030, in éineacht leis an Ríocht Aontaithe, tá sé tráthúil Staidiam Cruicéid Náisiúnta agus Lárionad Ardfheidhmíochta a fhorbairt. Beidh sé thar a bheith spreagúil cuid de na cluichí sin a fheiceáil ar siúl san ubhchruthach nua ag an gCampas Spóirt Náisiúnta i mBaile Bhlainséir. Osclóidh sé an Campas don tír níos leithne agus méadóidh sé feasacht ar shócmhainn uathúil atá ag Éirinn sa láithreán 550 acra seo.
“Tá an Campas Náisiúnta Spóirt cheana féin ina chuid luachmhar d’infrastruchtúr spóirt na tíre agus feabhsóidh an fhorbairt seo, in éineacht leis an Veileadróim Náisiúnta agus Ionad Badmantain, na saoráidí spóirt agus tacaíochta den scoth atá ann cheana féin.”
Ag labhairt di ar son Spórt Éireann, dúirt Príomhfheidhmeannach an Dr. Úna May:
“Táimid thar a bheith sásta leis an scéala seo faoi fhaomhadh na n-Airí do Spórt Éireann dearadh agus pleanáil an tionscadail a chur chun cinn maidir le Staidiam Náisiúnta Cruicéid agus saoráid oiliúna ar Champas Spórt Éireann.
“Athróidh an t-ionad úrscothach seo cruicéad in Éirinn, ag cur áis traenála ardfheidhmíochta ar fáil dár lúthchleasaithe chun a gcuid buanna a mhúscailt agus a thaispeáint, agus do lucht leanúna taithí a fháil ar sult an chluiche ó chóngar.
“Is cloch mhíle shuntasach é an nuacht seo i dtiomantas an Rialtais do chruicéid na hÉireann a ardú go dtí airde nua. Táimid ag súil go mór leis na cluichí dochreidte agus na hócáidí iontacha a bheidh ar siúl anseo a fheiceáil.”